banner
    Nótaí an Chlub  
 
Nótaí an Chlub
Mas maith leat nótaí an fhochumainn a fháil go rialta, cuir do sheoladh ríomhphost isteach anseo:
22/05/2012    
Cruinniú eolais do gach PnaG CLG oibrithe deonacha
Dé Luain 28 Bealtaine, 20:00
Clubtheach, CLG Ghaoth Dobhair
Beidh Sceidil a bheith ar fáil le líonadh i 4 shifts uair an chloig
as gach tasc i na barraí, geataí, glanadh, maoirseacht,
cócaireacht, doirse, srl poiblíocht agus ar ndóigh an uileláithreach ... ceapairí.
Le do thoil teacht agus an sceidil a líonadh, is gá do chlub agus paróiste duit!
Eolas ó: Kelly 0867927522 Louise 0872212512 Anne 0871379701


Information meeting for all GAA PnaG volunteers
Monday 28th May, 8pm
Clubhouse, CLG Gaoth Dobhair
Schedules will be available to be filled in 4 hour shifts
for all tasks in the bars, gates, cleaning, stewarding,
cooking, doors, publicity etc and of course the ubiquitous...sandwiches.
Please come along and fill the schedules, your club and parish need you!
Further info: Kelly 0867927522 Louise 0872212512 Anne 0871379701


22/05/2012    Faoi 12 Sraith Go Games
Gleann tSuillí 4-09 Gaoth Dobhair 5-06
Eathán Ó hEarcáin 3-4, Máire Ní Ghallachóir 2-0, Stiofán Mac Pháidín 0-1, Liam Mac Pháidín 0-1.

Gleann tSuillí B 0-00 Gaoth Dobhair B 1-08
Seán Ó Dochartaigh 1-2, Clodagh Ní Ghallachóir 0-1, Ríana Nic Giolla Bhríde 0-1, Éamonn Mac Gairbheith 0-1, Fiachra Mac Giolla Chomhaill 0-1, Ciara Ní Churráin 0-1 agus Conor Ó Dochartaigh 0-1.

22/05/2012    Cluiche Ceannais Sraith Faoi 16
Tá athrú déanta ar an dáta don chluiche ceannais sraith idir Gaoth Dobhair agus Aodh Rua de bharr go mbeidh mionúr an chontae ag imirt sa chraobh Dé Domhnaigh. Beidh an cluiche ann ar an Luain 28ú @ 7.15i.n. Níl aon socrú ar an pháirc go fóill.

19/05/2012    Sraith Tacaochta
Gaoth Dobhair V An Clochn Liath

D Sathairn 19 i Machaire Gathln @ 7.00i.n

18/05/2012    Faoi 8 Athrú ama do bhus ón clubtheach.
Beidh an chéad blitz ag faoi 8 Dé Satharn seo an 19ú i nDún Fionnachaidh ag toiseacht @ 11.00i.n. Imreoirí le bheith ag an clubtheach ar 10.00r.n. don bhus agus éadach an chlub a bheith orthu. Bíodh lón maith agus 2 euro leo chomh maith.

16/05/2012    Faoi 15
Faoi 15 Comórtas Peil na Gaeltachta
Tá an fhoireann faoi 15 fríd go dtí cluiche ceannais Comórtas Peil na Gaeltachta tar eis an bhua a fháil ar Naomh Mícheál i Machaire Gathlán trathnóna aréir leis an scór 5-10 go 0-08. Míchéal Ó Cearbhaill 2-1, Ciarán Mac Aoidh 2-0, Seosamh Mac Pháidín 1-1, Éamonn Ó Coilm 0-3, Kyle Mac Pháidín 0-2, Ryan Ó Ceallaigh 0-2, Dan Ó Gallachóir 0-1,Mícheál Ó Duibhir 0-1 agus Dáire Ó Baoill 0-1.

16/05/2012    Faoi 12 Sraith Go Games
Chuir na foirne faoi 12 tús le sraith na Go Games nuair a d'imir siad Na Dúnaibh i Machaire Gathlán trathnóna Dé Luain. Bhí an bhua ag Gaoth Dobhair B sa chéad cluiche leis an scór 4-03 gan aon scór ag na Dúnaibh. Scóreanna uaidh Roán Ó Tuairc 2-1, Maedhbh Nic Giolla Bhríde 1-1, Mary Ní Ghallchóir 1-0 & Seán Ó Dochartaigh 0-1. Bhí an bhau ag Na Dunaibh ar Ghaoth Dobhair A sa dara cluiche le poinnte amháin leis an scór 3-9 go 3-8. Bhí sár chluiche ag Seosamh Mac Aoidh sna cúil sa chéad leath as ar an droch uaidh bhí air imeacht ag leath ama. Stiofán Mac Pháidín 3-0, Éthan Ó Earcáin 0-5, Cathal Mac Giolla Easpaig 0-1, Marc Mac Pháidín 0-1 agus Dylan Ó Duibhuir 0-1.

15/05/2012    Cluichí Pobail
Beidh cluichí pobail Ghaoth Dobhair a reachtáil i Machaire Gathlán Dé hAoine seo an 18ú. Clárú ag toiseacht ar 4.30i.n. sa clubtheach agus táille de 2 euro an páiste. Na h-imeachtaí le fáil ar an clár atá istigh faoi na pictúirí.

 
© HomeClub 2017Home | Contact HomeClub