banner
    Nótaí an Chlub  
 
Nótaí an Chlub
Mas maith leat nótaí an fhochumainn a fháil go rialta, cuir do sheoladh ríomhphost isteach anseo:
29/05/2012    Cluiche Ceannais Sraith na Contae 28/5/2012
Gaoth Dobhair 4-06 Aodh Rua 1-10
Bhí an bhua ag Gaoth Dobhair ar Aodh Rua sa cluiche ceannais den sraith ar an Conmhaigh tráthnóna Dé Luain tar eis cluiche breá crua. Chuir Aodh Rua tús maith lei...s an cluiche le dhá phointe gasta ach tháinig Gaoth Dobhair ar ais le cúl agus pointe uaidh Cian Ó Maolagáin. Fuair Aodh Rua ceithre phointe eile roimh leath ama agus fuair Gaoth Dobhair pointí uaidh Gavin Mac Giolla Bhríde agus Seosamh Mac Pháidín. Chríochnaigh Gaoth Dobhair an leath go láidir le dhá chúl uaidh Dáire Ó Baoill agus Gavin Mac Giolla Bhríde rud a d'fhág an scór ag leath ama 3-03 go 0-06 do Ghaoth Dobhair. Fuair Aodh Rua cúl agus dhá phointe ag tús an dara leath le pointe amháin a fhágáil idir na foirne. Chuir Niall Ó Frighíl pointe eile ar an clár sula bhfuair Seosamh Mac Pháidín an cearthú cúl do Ghaoth Dobhair. Tháinig Aodh Rua ar ais le dhá phointe eile agus ansin fuair Aodhán Ó Fearraigh agus Seamús Ó Baoill pointe an fhear roimh deireadh an chluiche. Comhghairdeas le Tom Beag agus a chuid fir. Maith sibh.

28/05/2012    Faoi 16
Athrú ama ar an cluiche seo thíos.

Faoi 16 Cluiche Ceannais Sraith an Chontae
Gaoth Dobhair v Aodh Rua ar an Chonmhaigh Dé Luain 28ú @ 8.00i.n.
Beidh an bus do na h-imreoirí ag fágáil di Kory's ar 4.45i.n

24/05/2012    Clár Comórtas Peil na Gaeltachta
Comórtas Peile Náisiúnta na Gaeltachta
Gaoth Dobhair 2012

Dé hAoine 1ú Meitheamh
Cluiche Ceannais Faoi 15 5.30 Gaoth Dobhair V Buaiteoirí ón Deisceart Páirc an Chlubthí

Réamh Babhta
Sóisear 7.00 Gaoth Dobhair V An Tearmann [Tír Chonaill] Páirc an Chlubthí

Dé Sathairn 2ú Meitheamh
Sinsear 10.30 Cill tSéadhna [Maigh Eo] v Naomh Abán [Corcaigh] Páirc an Chlubthí

Sóisear 11.30 Laochra Loch Lao [Béal Feirste] v An Sean Phobal [Port Láirge] An Pháirc úr

Sóisear Mná 1.00 Laochra Loch Lao [Béal Feirste] v Na Gaeil Óga [Baile Átha Cliath] Pobalscoil

Sóisear 1.00 Clann na nGael [An Mhí} v Naomh Mhuire [Tír Chonaill] Páirc an Chlubthí

Sóisear 2.00 Cill tSéadhna [Maigh Eo] v An Cheathrú Rua [Gaillimh] An Pháirc úr

Sinsear 3.30 Cloich Cheann Fhaola [Tír Chonaill] v Rinn Ó gCuanach [Port Láirge] Páirc an Chlubthí

Sinsear 4.30 Daingean Uí Chúise [Ciarraí] v An Cheathrú Rua [Gaillimh] An Pháirc úr

Sóisear 6.00 Gaoth Dobhair / An Tearmann v Na Gaeil Óga [Baile Átha Cliath] Páirc an Chlubthí

Sinsear 7.30 Cill tSéadhna / Naomh Abán v Gaeil Fhánada [Tír Chonaill] An Pháirc úr

Dé Domhnaigh 3ú Meitheamh
Cluiche Ceannais
Sóisear na mBan 12.00 Laochra Loch Lao / Na Gaeil Óga v Gaoth Dobhair An Pháirc úr

Cluiche Leath Cheannais
Sóisear 1.30 Cill tSéadhna / An Cheathrú Rua v Laochra Loch Lao / An Sean Phobal An Pháirc Úr

Cluiche Leath Cheannais
Sóisear 3.30 Gaoth Dobhair / An Tearmann / Na Gaeil Óga v Clann na nGael / Naomh Mhuire Páirc an Chlubthí

Cluiche Leath Cheannais
Sinsear 5.45 Gaoth Dobhair v Daingean Uí Chúise / An Cheathrú Rua Páirc an Chlubthí Craolta beo ar TG4

Cluiche Leath Cheannais
Sinsear 7.30 Cloich Cheann Fhaola / Rinn Ó gCuanach v Cill tSéadhna / Naomh Abán / Gaeil Fhánada Páirc an Chlubthí Craolta beo ar TG4

Dé Luain 4ú Meitheamh
Cluiche Ceannais Sinsir na mBan 12.00 An Tearmann [Tír Chonaill] v Cill Chomáin [Maigh Eo] Páirc an Chlubthí

Cluiche Ceannais Sóisear 2.00 Páirc an Chlubthí
Craolta beo ar TG4

Cluiche Ceannais Sinsir 4.00 Páirc an Chlubthí
Craolta beo ar TG4

24/05/2012    Faoi 14 Sraith
Faoi 14 sraith aréir Gaoth Dobhair v Beart as baile. Bhí an bua ag foireann Gaoth Dobhair 5-11 V Beart 3-7.
An scór ag leath ama Gaoth Dobhair 2-9 Beart 2-6.
Micheal Ó Rabhartaigh 2-3, Conor Ó Baoill 2-00, Ciaran Mac Aoidh 1-1, Dylan Ó Domhnaill 0-3, Odhrán Ó Fearraigh 0-2, Seaghán Mhic Niallais 0-1
& Kyran Ó Glionnáin 0-1.




24/05/2012    Faoi 16 Cluiche Ceannais Sraith
Faoi 16 Cluiche Ceannais Sraith an Chontae

Gaoth Dobhair V Aodh Rua (Béal Átha Sheanaidh)
Dé Luain 28ú Meitheamh i gConmhaigh @ 7.30i.n.

23/05/2012    Cruinniú Eolais Comórtas Peil
Mar gheall gur cuireadh siar cluiche ceannais Faoi 16 go dtí tráthnóna Dé Luain beidh an cruinniú eolais don Chomórtas Peil na Gaeltacha ar siúl anois ar oíche Mháirt 29ú Meitheamh sa clubtheach ar 8.00i.n.

23/05/2012    Campaí Samhraidh Bord na nÓg
Beidh trí champa samhraidh a reáchtáil ag Bord na nÓg i mbliana; 9ú - 13ú Iúil do 6-7bl d'aois amháin, 16ú - 20ú Iúil do 8-9 bl d'aois amháin agus 23ú-27ú Iúil do 10-13bl d'aois amháin. Beidh uasmhéid de 50 páiste ar gach campa. Eolas uaidh Breandán 087 2938230.

22/05/2012    FOIREAN SOISEAR
Bhi an búa ag an fhoireann soisear in eadan an Clochan Liath 0-18 go dti 3-8.
Dimir Colin O Fearraigh, Prionsias Mac Aodh agus Michéal Mac Cealbhaigh go hiontach.

 
© HomeClub 2017Home | Contact HomeClub