Fáilte go suíomh idirlíon CLG Ghaoth Dobhair.Comórtas Peil na Gaeltachta, Dún na nGall 2012 -
Eolas AnseoTá an pheil Ghaelach agus an Cumann Lúthchleas Gael mar pháirt lárnach de shaol phobal Ghaoth Dobhair, agus dlúthcheangal ag an phobal ar fad leis an chumann peile. Cé gur fóchumann óg atá i bhfóchumann Ghaoth Dobhair, nár bunaíodh go 1932, tá níos mó Craobhacha Peile bainte ag an fhochumann ná mar atá ag fóchumann ar bith eile sa chondae, ceithre cinn déag ar fad. Tá cur síos sa suíomh seo ar stair an fhochumainn ón bhliain 1932, agus is uirléis thábhachtach an suíomh seo le teagmháil a dhéanamh le bunadh Ghaoth Dobhair atá as baile. Is fóchumann láidir Gaelach agus Gaeltachta muid, agus tús áite a thabhairt againn i gcónaí do bhun spriocanna Chumann Lúthchleas Gael agus dár dteanga.